Eolas ar ghairmeacha - Go hachomair....

Cóipscríbhneoir Fógraíochta / Advertising Copywriter

 Cur Síos Achomair:

Cuireann an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceolíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse.

 Catagóirí spéise bainteach leis an ngairm seo:

Tá an ghairm seo bainteach leis na catagóirí spéise seo a leanas.
Teangeolaí
I ngairmeacha an Teangeolaí bítear ag malartú eolais trí mheán na scríbhneoireachta, trí mheáin leictreonacha agus ó bhéal. Is fearr leis na daoine seo timpeallachtaí neamhstruchtúrtha chun go mbeadh am acu a gcuid samhlaíochta a úsáid agus a smaointe a chumadh.
Cruthaitheoir
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.
Fiontraí
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is féidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.
Tuilleadh Eolais

 Cáilíochtaí riachtanacha?

Eolas gairme ar líne...
333

Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil).
SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.

Súiomhanna lán Béarla:


more.. Advertising Copywriter - from:  CareersPortal.ie
more.. Advertising Copywriter - from: N.C.S. [UK]
more.. Advertising copywriter - from: GradIreland
more.. Copywriter - from: icould [UK] Video
< ar ais