Gairme Spéiseanna
<< Back
| Is a bhuíochas le hobair John Holland a bhfuil cáil ar choincheap na spéiseanna gairme. Ba shíceolaí Meiriceánach é a bhí ag gabháil don taighde sa réimse seo ar feadh 30 bliain. Tá a theoiric bunaithe ar na príomhsmaointe seo a leanas: |
| Is féidir cur síos ar dhaoine ag baint úsáide as sé chatagóir spéiseanna agus dearcthaí a chuimsíonn spiorad an duine a bhfuiltear á p(h)róifíliú. | |
| Faightear an cur síos is fearr ar dhaoine ag baint úsáide as teaglaim de na catagóirí seo. Is féidir cur síos ar dhaoine, d'fhormhór, ag baint úsáide as dhá nó trí chatagóir. | |
| Is toradh ar an iliomad tionchar é na catagóirí - tionchair lena n-áirítear do theaghlach, an chaoi ar tógadh tú, an timpeallacht chultúrtha, deiseanna oideachais agus taithí oibre agus mar sin de. | |
| Is féidir cur síos ar shlite beatha chomh maith ag baint úsáide as na sé chatagóir chéanna. | |
| Tá a saintréithe féin ag gach timpeallacht oibre, agus is féidir iad a rangú ag baint úsáide as na sé chatagóir chéanna chomh maith. | |
| Is iad na daoine a oibríonn i slite beatha agus a i dtimpeallachtaí a bhfuil saintréithe bainteacha acu is mó is dóichí a bheith ar a gcompord agus a bheidh inspreagtha maidir lena gcuid oibre agus gairmeacha sásúla a fhorbairt. |
| Baineadh feidhm as teoiric Holland ar fud an domhain chun láithreacha oibre a chatagórú agus na gairmeacha laistigh de na láithreacha oibre sin. An tástáil oifigiúil chun do spéiseanna a mheas ná an SDS - Self Directed Search, agus is féidir é sin a dhéanamh ar líne ach táille bheag a íoc. Bainimid úsáid as leagan oiriúnaithe logánta de chatagóirí Holland chun cuidiú leis an gcatagórú ar ghairmeacha ar fud an tsuímh seo. Tá achoimre ar chineálacha anseo thíos. Cliceáil ar theidil na gcatagóirí chun tuilleadh eolais a fháil. |
|

Online Resources ![]() |
|---|
|
|||
|
|||
