Is éard atá i gceist le gairmeacha ná na gnáthphoist a fheidhmíonn laistigh d'earnálacha ar leith, mar shampla is gairm í an tSiúinéireacht san earnáil tógála. Le caitheamh ama tagann gairmeacha nua ar an bhfód agus imíonn gairmeacha eile nó athraíonn siad go gairm nua. Nuair atáthar ar lorg eolais ar ghairmeacha ní mór a mheabhrú go bhfuil an iliomad post ar fáil nach 'gnáthphoist' iad.
Le linn do ghairmréime, seans go mbeidh roinnt post agat i ngairm ar leith, nó d'fhéadfá dul le gairm nua de réir mar is gá.