Saol agus Gairmeacha le Gaeilge - Institiúid Techneolaíochta Phort Láirge (WIT)

February 19, 2019

Beidh roinnt imeachtaí ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Ceann de na himeachtaí is mó a bheidh ar siúl i WIT i mbliana ná ‘Saol agus Gairmeacha le Gaeilge’.

Cé go bhfuil an imeacht dírithe ar dhaltaí meánscoile tá fáilte roimh gach duine. Tosóidh an lá le ceolchoirm na ndaltaí meanscóile- beidh ceol, damhsa, drámaíocht agus amhránaíocht ar an stáitse againn.

Ina dhiaidh sin beidh painéal d’aíonna speisialta againn a labhróidh faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa saol agus na deiseanna a thugann sí i do shaol gairmiúil. Tá an-áthas orainn go mbeidh na haíonna speisialta seo againn:

  • Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill (Comhordaitheoir Tríú Leibhéal ag Conradh na Gaeilge)
  • Niamh Ní Chróinín (Craoltóir, Bainisteoir Raidió Rí Rá, múinteoir cheardlanna raidió)
  • Irial Ó Ceallaigh (Oifigeach Pleanála Teanga)
  • Peter Kavanagh (Urlabhraí Ghaeilge, An Comhaontas Glas)
  • Jamie Ó Tuama (Oifigeach Gaeilge, CLG)
  • Mícheál Ó Coileáin (Oifigeach Forbartha Gaeilge, HSE)
  • Déan teagmháil leis an Dr Séamus Dillon (sdillon@wit.ie) chun clárú don lá seo nó chun níos mó eolais a fháil.
  • Dáta agus Am: 12 Márta, 2019 ag 9:00-13:00
  • Áit: Campas Shráid an Choláiste, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
  • Níos mó eolais: Dr Séamus Dillon, sdillon@wit.ie

Sonraí Iomlána