Rialtas, Polaitíocht & an AE

Ní ritheann an tír í féin – bíonn ar dhuine éigin an tír a bhainistiú. In Éirinn, tarlaíonn an chinnteoireacht ar dhá leibhéal: Náisiúnta agus Áitiúil. 

LEIBHÉAL NÁISIÚNTA

Déantar cinntí ar leibhéal náisiúnta i bParlaimint na hÉireann, ar a dtugtar an tOireachtas. Tá an tUachtarán agus an dá theach den Oireachtas san áireamh anseo: Dáil Éireann (Teach na nIonadaithe) agus Seanad Éireann (An Seanad).

Tá 166 ball tofa i nDáil Eireann agus tugtar Teachtaí Dála (TD) orthusan. Freastalaíonn siadsan ar an bparlaimint agus bíonn siad ag plé cúrsaí sóisialta, dlí agus eacnamaíochta na tíre. Déantar dlíthe a ullmhú agus bíonn díospóireacht ina leith sula ritear iad. Ansin déantar na dlíthe sin a chur i bhfeidhm trí mheán na n-earnálacha éagsúla sa tseirbhís phoiblí, mar shampla tríd an Roinn Oideachais agus Scileanna nó tríd an Roinn Airgeadais.

Tá 60 ball tofa nó ceaptha ag an Rialtas i Seanad Éireann. Is ról tacaíochta atá ag baill Sheanad Éireann maidir le leasú a dhéanamh ar dhlíthe a chuireann an Dáil faoina mbráid.

An Státseirbhís
Sa Státseirbhís, ar a dtugtar an tSeirbhís Phoiblí freisin, tá breis is tríocha Roinn/Oifig éagsúil a chuireann seirbhísí ar fáil don Rialtas agus thar ceann an Rialtais. Is féidir féachaint ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann ar a bhfuil A to Z de na Seirbhísí a chuireann an rialtas ar fáil. Seo léargas ginearálta ar an raon leathan oibre a bhíonn ar siúl thar ceann an Rialtais.

Tá foireann d’oifigigh san earnáil seirbhíse poiblí ag obair don Státseirbhís. Tá ról ríthábhachtach acusan i saol eacnamaíochta agus sóisialta na hÉireann, ag cur i bhfeidhm polasaithe agus ag soláthar seirbhísí don phobal. Seo a leanas roinnt de theidil na bpost sa Státseirbhís: Oifigeach Cléireachais (CO); Oifigeach Feidhmiúcháin (EO); Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO); Oifigeach Riaracháin (AO); Príomhoifigeach Cúnta (AP); Príomhoifigeach agus Tríú Rúnaí.   [Féach an roghchlár 'Gairmeacha Samplacha' ar an leathanach seo le haghaidh cur síos sonrach ar gach ról].

Ceapacháin Phoiblí Tá raon leathan post sa Státseirbhís, agus tá tuairim is 30,000 duine fostaithe ann. I measc fhreagrachtaí na Státseirbhíse tá obair leis an Rialtas chun polasaithe agus seirbhísí nua a chruthú agus a chur i bhfeidhm, déileáil go díreach leis an bpobal nó fiú amháin taighde margaidh a dhéanamh. 

I measc na réimsí gairme sa Státseirbhís tá oideachas, seirbhísí sláinte, iompar, airgeadas, seirbhís leabharlainne, seirbhís dóiteáin, teicneolaíocht faisnéise, deiseanna pobal-bhunaithe, deiseanna ealaíne agus fóillíochta, agus deiseanna eile nach iad. Bíonn gach sórt gairme ann sa Státseirbhís, idir chuntasaíocht is sheirbhísí Acmhainní Daonna, phoist chléireachais, phoist riaracháin agus phoist bhainistíochta. Bíonn gá le foireann theicniúil agus foireann speisialtóireachta agus bíonn ról suntasach acu go léir. 

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bhíonn i mbun daoine a earcú do phoist sa Státseirbhís. [féach 'an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí’ le haghaidh eolas sonrach ar an earnáil seo]. Faoi láthair tá moratóir (cosc) ar earcaíocht/fhostaíocht sa tseirbhís phoiblí, ach déantar cinntí faoi na feachtais earcaíochta a bheidh ar siúl amach anseo i gcomhthéacs na riachtanas gnó atá ag eagraíocht ar leith. Tá a lán deiseanna ann, áfach, le bheith ag obair san Aontas Eorpach. 

LEIBHÉAL NA hEORPA

Tá a lán deiseanna ann in Institiúidí an Aontais Eorpaigh  le tabhairt faoi ghairm i dtimpeallacht ilchultúrtha, ilteangach. Mar oifigeach den Aontas Eorpach bheifeá ag freastal ar bhreis is 500 milliún saoránach AE ar fud 28 ballstát agus bheadh an seans agat do shaineolas agus do scileanna a úsáid chun polasaí ar fhorbairt a mbeadh tionchar aige ar shaol daoine.


Bíonn obair éagsúil ar bun san Aontas Eorpach agus bíonn foireann ó chúlraí éagsúla agus le scileanna éagsúla ag teastáil ó na hinstitiúidí. Bíonn gá i gcónaí le Teangeolaithe agus dlíodóirí, chomh maith le heacnamaithe, speisialtóirí TFC, eolaithe agus tréidlianna, chomh maith le foireann riaracháin agus tacaíochta a bhfuil cúlraí níos ginearálta acu.

Déantar oifigigh bhuana a roinnt ina riarthóirí agus ina gcúntóirí.
Riarthóirí
(AD) – De ghnáth bíonn riarthóirí i mbun polasaithe a dhréachtú agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlíthe AE, anailís a dhéanamh ar na dlíthe sin agus comhairle a sholáthar ina leith. Chun cur isteach ar chomórtas do phost riarthóra, beidh ort ar a laghad trí bliana de chéim ollscoile a bheith curtha i gcrích agat. 

Cúntóirí (AST) – De ghnáth bíonn cúntóirí ag obair i róil tacaíochta agus tá siad ríthábhachtach do bhainistiú inmheánach na n-institiúidí.  
Chun cur isteach ar phost mar chúntoir, is gá go mbeadh ar a laghad scolaíocht iar-bhunscoile curtha i gcrích agat. Is cuma cibé cúlra, má tá an dearcadh agus an cumas ceart agat, is dócha go bhfuil deis gairme ann duit san Aontas Eorpach. Níos mó eolas le fáil anseo

Cé go bhfuil beagán níos mó ná leath d’fhoireann iomlán an Aontais Eorpaigh fostaithe leis an gCoimisiún Eorpach, ní hé an Coimisiún an t-aon fhostóir san AE. Bíonn foireann ag teastáil go rialta ó institiúidí eile – Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina measc. Bíonn daoine á bhfostú freisin ag Gníomhaireachtaí Eorpacha, atá lonnaithe ar fud na 28 Ballstát. Tá eolas úsáideach le fáil ar leathanach gairmeacha an Choimisiúin Eorpaigh agus ar leathanach earcaíochta  Oifig Faisnéise Pharlaimint na hEorpa maidir le cineálacha eile oibre a bheadh ar fáil sna hinstitiúidí sin.

Anuas ar an seans bheith ag obair d’aon cheann de na 27 Ballstát is fostóirí móra iad na hinstitiúidí Eorpacha a chuireann conarthaí buana agus páirtaimseartha ar fáil. Tá eolas faoi dheiseanna gairme agus intéirneachta san Aontas Eorpach ar fáil in 'The Green Book- an Irish Intern's Guide to the EU' arna fhoilsiú ag European Movement Ireland.

 


Chun cur isteach ar phost san Aontas Eorpach cliceáil anseo

Leibhéal Áitiúil

Tá breis is céad údarás áitiúil in Éirinn, agus déanann siadsan suas an córas rialtais áitiúil, a chuireann raon seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil don phobal i ngach cathair, baile agus sráidbhaile in Éirinn. Is é cuspóir an Rialtais Áitiúil cuidiú le daoine ar an leibhéal áitiúil seirbhísí a sholáthar dóibh féin, roinnt smachta a bheith acu ar a gcúrsaí féin agus cinntí a dhéanamh trí phróiseas daonlathach.

Féach 'LGMA' le haghaidh eolas sonrach faoin earnáil seo.

Déanann na cónaitheoirí áitiúla ionadaithe a toghadh don Údarás Áitiúil ina gceantar féin. Ansin déanann an Comhairleoir Contae sin cinntí thar ceann na dtoghthóirí. San iomlán déantar 1,627 Comhairleoirí Contae a thoghadh óna gceantair féin. Jab páirtaimseartha atá acu agus bíonn orthu freastal ar chruinnithe agus cinntí éagsúla a dhéanamh. D’fhéadfadh na cinntí sin a bheith ag baint le fodhlíthe, pleananna forbartha, iarratais ar chead pleanála nó buiséid.

Gearrann an tÚdarás Áitiúil cánacha chun íoc as an soláthar seirbhíse. Bíonn an tÚdarás Áitiúil i mbun raon leathan gníomhaíochtaí a chuireann go mór le forbairt na bpobal áitiúil. I measc na seirbhísí sin tá:

  • Pleanáil agus Forbairt Fhisiceach
  • Bóithre
  • Seirbhísí Sláinteachais
  • Tithíocht
  • Bainistiú Dramhaíola
  • Cosaint Dóiteáin
  • Leabharlanna agus Músaeim
  • Cosaint Comhshaoil agus
  • Páirceanna, Conláistí agus na hEalaíona. 

Polaitíocht
In Éirinn déanann daoine polaiteoirí a thoghadh le hionadaíocht a dhéanamh orthu sa rialtas, chun feidhmiú ar a son agus chun a leasa a chosaint.

Déantar na Comhairleoirí Contae (Rialtas Áitiúil) agus na Teachtaí Dála (Parlaimint Náisiúnta) a thoghadh gach 5 bliana. Chun go ndéanfaí tú a thoghadh is gá go mbeadh aithne ag an bpobal ort agus go mbeadh meas acu ar do chuid oibre sa phobal áitiúil.   An gnáthbhealach dul leis an bpolaitíocht ná clárú mar bhall áitiúil de pháirtí polaitiúil dála Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin. Bheadh ort a bheith chomh gníomhaíoch agus is féidir agus cúnamh a thabhairt, go háirithe tráth na dtoghchán. Dé ghnáth déantar duine a thoghadh ar dtús mar Chomhairleoir Contae sula rachaidh siad ar aghaidh agus iad féin a chur chun tosaigh le go dtoghfaí iad mar Theachta Dála san Oireachtas.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Information from National Skills Bulletin 2015, compiled by the Expert Group on Future Skills Needs
Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe