Stair, Cultúr & Teangacha

Deiseanna Gairme le Ghaeilge

EALAÍONA

Eagraíonn Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon i dtuaisceart agus i ndeisceart Éireann le heagraíochtaí ealaíon ach maoiniú a dhéanamh ar thionscadail, chomh maith le sparánachtaí agus tréimhsí cónaithe a chur ar fáil d'ealaíontóirí indibhidiúla.

Féach freisin  Irish Voices: EU Careers anseo

Cur chun cinn agus forbairt teanga Bíonn oifigigh Ghaeilge fostaithe ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon. Bíonn an ról seo ag a lán eagraíochtaí poiblí agus neamhbhrabúis.

  • Bíonn oifigigh Ghaeilge do chur chun cinn agus d'fhorbairt na Gaeilge fosaithe ag údaráis áitiúla chun comhoibriú le heagraíochtaí ealaíon áitiúil agus le heagraíochtaí teanga sa phobal.
  • Bionn clubanna óige á reáchtáil ag eagraíochtaí óige Gaeilge (i.e. Feachtas, Ógras agus Cumann na bhFiann), ar fud na tíre.
  • Tá Ról an Oifigigh Forbartha Ghaeilge ar fáil i gcoláistí tríú leibhéal, in Institiúidí Teicneolaíochta, in aontais Mac Léinn; i ranna Rialtais, i gcomhairlí Contae; ag an Garda Síochána; ag páirtithe Polaitiúla agus ag FSS, i measc eagraíochtaí eile.
  • Reáchtáiltear Scoileanna Samhraidh Gaeilge do Mhúinteoirí agus do ghairmithe eile i limistéir Ghaeltachta le linn laethanta saoire – [Faoi Riail 58 de na Rialacha le haghaidh Bunscoileanna, tá múinteoirí i dteideal Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) de bhun freastal ar chúrsaí faofa samhraidh].

Bíonn páirt ag grúpaí pobail agus ag comharchumainn ar fud na Gaeltachta in Éirinn go háirithe ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt.

  • Cuireann Gael Linn agus Conradh na Gaeilge raon leathan de sheirbhísí oideachais agus cultúrtha ar fáil.
  • Tacaíonn Glór na nGael le coistí áitiúla a chuireann an Ghaeilge chun cinn
  • Is scáthghrúpa é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a dhéanann ionadaíocht ar a lán eagraíochtaí neamhbrabúis Gaeilge.
  • Is comhlacht trasteorann é Foras na Gaeilge a chuireann maoiniú ar fáil do chur chun cinn agus d'fhorbairt na Gaeilge. Déanann sé maoiniú ar oifigigh Ghaeilge i bpobail áitiúla.

Is leathan iad téarmaí tagtha na n-eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Fostaíonn siad daoine ó raon leathan disciplíní lena n-áirítear margaíocht, oideachas, airgeadas, bainistiú imeachtaí, foilsiú agus caidrimh phoiblí.  Áirítear i measc na ndeiseanna aistriú, proifléitheoireacht, logánú bogearraí, fotheidliú, bainistiú tionscadal, comhordú teanga agus bainistiú cáilíochta.

Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil le haghaidh aistritheoirí ar fud na n-eagraíochtaí poiblí, na gcomhlachtaí rialtais, na n-institiúidí Eorpacha agus in eagraíochtaí poiblí.

  • Tá a seirbhís aistriúcháin (agus ateangaireachta) féin ag Tithe an Oireachtais – Rannóg an Aistriúcháin.
  • Bíonn gá le seirbhísí aistriúcháin le haghaidh suíomhanna gréasáin, agus le haghaidh na n-earnálacha teicniúla, dlí, innealtóireachta agus eolaíochtaí saoil chun doiciméid, lámhleabhair agus ábhair eolais agus acmhainní eile a chur ar fáil.
  • Dóibhsean a bheadh ag féachaint le gairm a bheith acu in aistriú doiciméid dhlíthiúla, cuireann Europus i gcomhar le hOstaí an Rí cúrsaí agus oiliúint ar fáil, atá fóirdheonaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

CULTÚR AGUS OIDHREAHCT

OIDHREACHT Áirítear i measc na ndeiseanna poist i réimse na hoidhreachta róil mar seo a leanas: coimeádaithe, foireann oideachais, treoraithe/bainisteoirí turasóireachta agus riarthóirí a bhfuil scileanna Gaeilge acu le haghaidh músaem agus láithreáin oidhreachta ar fud na tíre.

  • Tá sciar suntasach de bhailiúcháin leabharlanna agus chartlanna na tíre déanta suas d’ábhar trí Ghaeilge, agus bíonn ar leabharlannaithe atá ag obair i gcóras na leabharlanna poiblí scileanna áirithe Gaeilge a bheith acu.
  • Bíonn cartlanna ag réimse leathan eagraíochtaí, ina measc tá eagraíochtaí sna meáin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí oideachais agus fiontair phríobhaideacha.

Bíonn deiseanna ar fáil do Ghaeilgeoirí i réimse na turasóireachta cultúrtha, go háirithe sa Ghaeltacht. Is minic a fhostaíonn údaráis áitiúla oifigigh oidhreachta.

Mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tá éileamh níos mó ann anois ar rúnaithe agus riarthóirí arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais.

Sa mhéid gur leathan sainfhreagracht na n-eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn in Éirinn, fostaíonn siad daoine ó raon leathan disciplíní.

Bíonn deiseanna fostaíochta ann le haghaidh riarthóirí i músaeim agus i láithreáin oidhreachta ar fud na tíre.

Is iomaí deis ghairme atá ann dóibhsean a bhfuil Gaeilge líofa acu, mar sampla róil san earnáil phobail agus dheonach. Tá an Ghaeilge lárnach do shainmheon na n-eagraíochtaí náisiúnta deonacha, leithéidí Chumann Lúthchleas Gael (CLG) agus Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

 

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais