Rialtas, Polaitíocht & an AE

Deiseanna Gairme le Ghaeilge

 Is iomaí deiseanna gairme atá ar fáil do dhaoine le Gaeilge ar fud na Státseirbhís agus na Seirbhísí Poiblí agus tá a lán deiseanna ar fáil san Aontas Eorpach freisin. Ceanglaíonn Acht na dTeangacha Oifigiúl ar chomhlachtaí rialtais agus ar chomhlachtí poiblí seirbhísí áirithe a sholáthar, maille le hábhar clóite agus gréasánbhunaithe, trí mheán na Gaeilge, i gcás inarb í an Ghaeilge rogha teanga an chliaint. Cuimsíonn an reachtaíocht 658 gcomhlacht poiblí:

  • Comhfhreagras arna fháil trí Ghaeilge a fhreagairt i nGaeilge.
  • Tuarascálacha bliantúla agus na preaseisiúintí a ghabhann leo a fhoilsiú go dátheangach.
  • Leagnacha Gaeilge nó dátheangacha d'fhoilseacháin ar leas an phobail iad a chur ar fáil i mar chóip chrua agus ar shuíomhanna gréasáin.

Bíonn snáithe Gaeilge ag feachtais earcaíochta don Státseirbhíse trí PublicJobs.ie. Tá sé de cheangal ar chomhlachtaí stáit agus ar ranna rialtais íosmhéid de shé faoin gcéad dá bpainéil roghnúcháin a bheith ann ar Gaeilgeoirí iad. Gheall an rialtas go mbeadh cúigiú (20 faoin gcéad) d'áiteanna – ar phainéil iarratais na seirbhíse poiblí líonta ag iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Tá a lán rólanna sinsearacha sna seirbhísí poiblí agus i gcomhlachtaí stáit ina bhfuil gá scileanna Gaeilge mar chuid dá gcritéir incháilitheachta le go bhféadfaí ardú céime a fháil.

Tacaíonn an Earnáil Phoiblí agus comhlachtaí stáit le foireann chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, ach táillí cúrsaí a aisíoc nó saoire staidéir a chur ar fáil.

  • Bíonn oifigigh Ghaeilge fostaithe ag údaráis áitiúla, ag ranna rialtais agus ag comhlachtaí poiblí amhail BSL, FSS agus ag institiúidí tríú leibhéal, Tá siad freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn go hinmheánach agus as maoirseacht a dhéanamh ar na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil trí Ghaeilge. Déanann siad comhordú ar aistriú na ndoiciméad ar líne agus na ndoiciméad clóite agus eagraíonn siad ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha. Tá sé tábhachtach a bheith díograiseach agus paiseanta faoin teanga chun a bheith fostaithe sa phost seo mar go bhfuil ról tábhachtach ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge ag baint leis an bpost.
  • Seirbísí teicniúla agus gairmiúla - Cuireann an earnáil phoiblí obair amach ar conradh chuig daoine aonair agus/nó chuig eagraíochtaí san earnáil phríobháideach ar féidir leo seirbhísí a chur ar fáil amhail aistriúcháin, dearadh gréasáin, comhairleoireacht TF, seirbhísí dlí, seirbhísí cuntasaíochta, dearadh grafach etc.

 

An raibh a fhios agat ... Tá a seirbhís aistriúcháin (agus ateangaireachta) féin ag Tithe an Oireachtais – Rannóg an Aistriúcháin.

Obair sa Ghaeltacht - Tá a hoifigí féin ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta i roinnt de na limistéir Ghaeltachta agus ag na comhlachta earnála poiblí atá ag feidhmiú sna limistéir sin agus is gá dóibh a bheith in ann a seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

á an tseirbhís aistriúcháin is mó ar domhan ag an Aontas Eorpach. Chun post a fháil mar aistritheoir leis an Aontas Eorpach, is gá a bheith in ann obair i dtrí cinn de na teangacha den Aontas. Ó tharla go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil anois den Aontas Eorpach ó bhí 2007 ann tá an-éileamh ar dhaoine ar féidir leo aistriú go Gaeilge, agus féadfadih méadú mór teacht air seo thar an gcéad chúpla bliain eile.  Tá roinnt aistritheoirí intí ann, ach oibríonn a bhformhór ar bhonn saoraistritheora, Féadfaidh na haistritheoirí intí a bheith ag obair ar tuarastal, ag obair go lánaimseartha in eagraíocht phoiblí nó ag obair do chuideachtaí aistriúcháín, roinnt díobhsan a dhéanann speisialiú san aistriúchán Gaeilge. 

De ghnáth is saoraistritheoirí na daoine atá féinfhostaithe agus féadfaidh siadsan obair ón mbaile. Féadfaidh gníomhaireachtaí nó cuideachtaí aistriúcháin iad a choimisiúnú go díreacht chun tabhairt faoi obair aistriúcháin. Is iad Foras na Gaeilge and clár ITIA. Éilíonn gach custaiméir ardchaighdeán aistriúcháin, agus áirítear i measc na gcustaiméirí sin eagraíochta poiblí comhlachtaí rialtais in Éirinn, institiúidí Eorpacha agus eagraíochtaí príobháideacha nó daoine aonair.  Bítear ag súil go bhféadfadh aistritheoirí a bhfuil taithí acu 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Reáchtálann Foras na Gaeilgeas comórtas bliantúil mar chuid dá chóras creidiúnaithe – Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge. cuirtear ainmneacha na ndaoine a n-éiríonn leo sa scrúdú sin ar phainéal Fhoras na Gaeilge mar aistritheoirí creidiúnaithe. Is gá na na haistritheoirí sin an scrúdú a dhéanamh gach cúig bliana chun go gcoinneofaí a n-ainmneacha ar an bpainéal. Bíonn ábhair speisialtóireachta i gceist de ghnáth san ábhar a bhíonn ar aistritheoirí agus ateangairí araon a aistriú agus dá bhrí sin bíonn gá le hullmhúchán agus eolas ar an réimse ábhair atá idir lámha. 

n De ghnáth cuireacnn gairmithe sa réimse seo lena saineolas agus lena scileanna i sainréimsí amhail gnó, dlí nó leigheas. Bíonn tábhacht ar leith ag baint le téarmaíocht shainiúil mar chuid den saineolas sin.  

Chun obair sa réimse seo, moltar cáilíocht iarchéime a bheith ag duine i léann an aistriúcháin.  Bíonn bunchéime sna teangacha i gceist inmhaianithe, cé nach bhfuil sé sin riachtanach. 

Cúrsaí Iarchéime

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)
Administration / Business

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Abair.ie at Trinity College Dublin (TCD) - click here

Irish Voices : EU Careers - click here