Príomhphointí maidir le gairmeacha TF ar leith
- In 2014 bhí tuairim is 60,000 duine fostaithe sna gairmeacha TF ar leith, sin 3% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.3.1)
- Bhí beagnach leath d’fhostaíocht dírithe ar earnáil TF : (ríomhchlárú agus sainchomhairleoireacht den chuid is mó, agus le cúigiú eile in earnáil na tionsclaíochta (déantúsaíocht ríomhairí, leictreonach agus optúil)
- Bhí trí cheathrú d’fhostaíocht iomlán ag an leibhéal gairmiúil (agus ba ríomhchláraitheoirí agus forbróirí bogearraí iad beagnach 30% díobh) ; bhí an fuílleach ag leibhéal teicneora
- Thar an tréimhse 2009 – 2014 tháinig fás bliantúil de 4.1% ar an meán ar fhostaíocht iomlán i FT- ceann de na rátaí fáis is mó ó na 17 ngrúpa ghairmeacha a scrúdaíodh; bhí an ráta fáis is mó ann do theicneoirí tacaíochta d’úsáideoirí FT (10.7% ar an meán go bliantúil) agus do chláraitheoirí agus d’fhorbróirí bogearraí (8% ar an meán go bliantúil) (Figiúr 9.3.2)
- Thar an tréimhse chéanna cúig bliana bhí an dearbhfhás is mó i ngairmeacha FT (thart ar 11,000); bhí an fás is mó ann do chláraitheoirí agus d’fhorbróirí bogearraí (beagnach 6,000) agus speisialtóirí TFC agus do bhainisteoirí tionscadail (3,000)
- Idir 2013 agus 2014 tháinig méadú de 3,000 nó 5.4% ar fhostaíocht iomlán; bhí sé seo níos fearr ná an ráta náisiúnta de 1.7% ; bhí an fás is mó ann i measc teicneoirí tacaíochta d’úsáideoirí
- Bhí an chuid is mó de na daoine fostaithe i FT idir 25-54 bliana d’aois; (Figiúr 9.3.3)
- Over four fifths of IT professionals were third level graduates; the corresponding share was almost three quarters for IT technicians (Figure 9.3.4)
- Bhí cáilíocht tríú leibhéal ag tuairim is 80% de ghairmithe FT; bhí cáilíocht tríú leibhéal ag 70% de theicneoirí FT (Figiúr 9.3.4)
- Fir a bhí sa chuid is mó de na daoine ag obair i FT agus bhí siad ag obair go lánaimseartha.
- Níorbh Éireannaigh iad 40% de theicneoirí tacaíochta d’úsáideoirí – go mór os cionn an mheánsciar náisiúnta de 15%; níorbh Éireannaigh iad beagnach 33% de chláraitheoirí agus d’fhorbróirí bogearraí, lion ard go leor
- I gceathrú 4 2014 bhí ráta dífhostaíochta 3% sna gairmeacha FT – go mór faoi bhun an ráta náisiúnta de 9.9%
Táscairí ganntanais
In 2014 bhí tuairim is 15,000 sainbhainisteoir FT, 30,000 gairmí FT agus 15,000 teicneoir FT. Tá éileamh mór ar gach gairm TF.
In 2014 bhí breis is 6,500 folúntas fógartha ar thairsí PES agus Irishjobs.ie amháin. Tuairiscíodh go bhfuil deacrachtaí ann ag líonadh folúntas: léirítear sna torthaí ó Shuirbhé Gníomhaireacht Earcaíochta i mBealtaine 2015 gur bhain a thrian de na deacrachtaí le folúntais a líonadh le róil TF.
in 2014 eisíodh beagnach 1,700 cead d’oibrithe TF ó thaobh amuigh de LEE – 1,600 ceann do ghairmithe agus 100 ceann do theicneoirí
De ghnáth tá oibrithe FT óg (tá an sciar os cionn 55 bliana d’aois íseal), rud a léiríonn nach gcuireann scor isteach ar an éileamh iomlán. Tá an líon atá ag fágáil na hearnála beagáinín níos airde nuair a chuirtear na bealaí éagsúla le fágáil san áireamh (cúraim bhaile, staidéar agus araile). Ceaptar go bhfuil folúntais ann d’oibrithe FT mar gheall ar ionghluaiseachtaí nó idirghluaiseachtaí gairme. Mar shampla meastar gur athraigh 14% de chláraitheoirí fostóir nó gairm in 2014
Mar sin féin tá an t-éileamh ar scileanna FT ag fás agus táthar ag súil go mbeidh riachtanas earcaíochta iomlán bliantúil ann do bhreis is 3,500 gairmí agus bainisteoir FT agus do bhreis is 2,000 teicneoir FT. D’fhógair a lán comhlachtaí folúntais d’oibrithe FT le déanaí. Ina measc bhí
- Global Shares (bogearraí gréasánbhunaithe)
- Movidius (crua-earraí agus bogearraí do ghléasanna cinn réaltachta fíorúla, ladrainn, uathoibriú baile, teicneolaíocht amharcbhunaithe)
- IFDS (bogearraí airgeadais le réitigh riaracháin i gcomhair infheistíochta agus árachais
- NearForm (Node.js)
- GuideWire Bogearraí (Árachas)
- Version 1
- Bank of America Merrill Lynch (teicneolaíocht bhaincéireachta)
- Dell (T&F),
- MalwareBytes (cibearshlándáil)
- Treemetrics
- LogMein (néalríomhaireacht)
- Espion (slándáil FT)
- Agora (feidhmeanna d’fhoilsitheoireacht dhomhanda )
- SmartTech (slándáil FT).
Tháinig 3,700 céimí ó chúrsaí ríomhaireachta in 2013/2014 agus bhí 70% díobh ag leibhéil NFQ 8 nó os a chionn. Bronnadh 465 ghradam DCCE ar fhoghlaimeoirí ó choláistí príobháideacha, agus bhí trí cheathrú díobh ag leibhéil 8 nó os a chionn. Chomh maith leis sin, i mBealtaine 2015 bhí 1,000 cuardaitheoir poist ann a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu agus a raibh taithí FT acu réidh chun tosú ag obair (600 bainisteoir agus gairmí, 400 teicneoir)
Mar thoradh ar an nganntanas leanúnach i scileanna FT, chuir an Rialtas plean gníomhaíochta scileanna FT 2014-2018 chun cinn, plean a leagann amach na spriocanna atá ann maidir le aschur céimithe a mhéadú, scileanna mata sna meánscoileanna a fheabhsú agus cúrsaí tiontaithe TFC a chur ar fáil.
In ainneoin an tsoláthair céimithe shuntasaigh atá ann agus an líon cuardaitheoirí poist a bhfuil scileanna TF acu (a lán acu i ndífhostaíocht aimhréireach, ag cur meastacháin do rátaí athraithe san áireamh), tá ganntanais scileanna TF fós ann.
Cé go bhfuil tuairim is leath d’oibrithe TF fostaithe go díreach in earnáil TFC, tá éileamh ar scileanna TF i ngach earnáil den gheilleagar. Ní bhaineann an ganntanas seo le hÉirinn amháin, tá sé ann ar fud an domhain.
I measc na dtáscairí ganntanas in Éirinn tá:
- Forbairt ríomhchlárúcháin agus bogearraí; teangacha ríomhchlárúcháin (Java, J2EE, JavaScript, C++, Summit, .net, C#, JSP, JQuery, AJAX, Python, PHP); forbairt feidhmeanna soghluaiste (iOS agus Android); forbairt gréasáin (CSS, HTML)
- Néalríomhaireacht: bogearraí mar sheirbhís (SaaS) agus teicneolaíochtaí fíorúlaithe
- Dearadh gréasáin (sainréimsí amháin); go háirithe feidhmeanna gréasáin a dhíríonn ar thaithí an úsáideora ar líne a fheabhsú (UX) agus a thacaíonn le caidreamh úsáideoirí (UI)
- Bainistíocht tionscadail FT
- Líonrú agus bonneagar: líonrú IP agus róil speisialaithe cosúil le hinnealtóirí bogearraí dearbhaithe cáilíochta
- Anailís ghnó FT: éirim ghnó agus optamú inneall cuardaigh
- Bunachair sonraí, anailísíocht mhór sonraí agus ollstóráil sonraí: Oracle, SQL, MySQL, Hadoop and noSQL
- Tástáil agus fabhtcheartú: tástálaithe dearbhaithe cáilíochta
- Tacaíocht theicniúil: tacaíocht úsáideora le scileanna teangacha iasachta (Gearmáinis, Fraincis)
|